Brat Glas
Jun 24th, 2011 by Múinteoir Judy
Fuaireamar ár gcéad Brat Glas i mbliana!!! Rinne na páistí agus foireann na scoile sárobair chun an brat a fháil agus tá i bhfad níos lú bruscar againn anois ná mar a bhí. Athchúrsáil atá ar siúl againn anois!!! Rinneamar an-chuid rudaí éagsúla le linn an téimhse a thuilleamar an brat agus bhí an-lá go deo againn ar an ‘Lá Gníomhach’ nuair a tháinig Bláthnaid Ní Chofaigh chuig an scoil chun an brat a ardú!!! Tá cód glas againn anois a chabhraíonn linn leanúint leis an obair thábhachtach seo!!! Ná dearmad: SCOIL GHLAS= SCOIL GHLAN!
Ár gCód Glas
1 Bíodh meas agat ar thimpeallacht na scoile.
2 Tabhair leat an bruscar a bhí agat.
3 Múch na soilse.
4 Bain úsáid as bosca lóin amháin.
5 Bain úsáid as ábhar athchursála don ealaín.
