24/06/2011 by Múinteoir Judy

LEAN AN CóD!!!
Fuaireamar ár gcéad Brat Glas i mbliana!!! Rinne páistí na scoile sárobair chun an brat a fháil agus tháinig laghdú an-mhór ar an méid bruscar a bhíonn againne. Athchúrsáil atá ar siúl againn anois!!! Rinneamar an t-uafás rudaí éagsúla le linn an bhliain go leith a d’iobríomar chun an brat a fháil agus bhí lá gníomhach iontach againn nuair a tháinig Bláthnáid Ní Chofaigh chuig an scoil chunn an brat a ardú!! Tá cód glas againn anois a chabhraíonn linn leanúint leis an obair thábhachtach seo!! Ná dearmad: SCOIL GHLAS= SCOIL GHLAN!
An Cód Glas
1 Tabhair leat an bruscar a bhí agat.
2 Bain úsáid as bosca lóin amháin.
3 Bíodh meas agat ar thimpeallacht na scoile.
4 Múch na soilse.
5 Bain úsáid as ábhar athchúrsáilte don ealaín.
Posted in Ranganna | No Comments
Leave a Reply