Gaelscoil Inis Córthaidh Lá Spóirt 2011
17/06/2011 by Múinteoir Judy
Inné bhí lá spóirt againn. Bhí sé ar siúl san ionad rugbaí. Rinneamar rás na málaí, tarraingt téide, rás sealaíochta agus cúpla rás eile. Bhí deochanna ar fáil dos na páistí óga, agus tae dos na tuismitheoirí. Dathanna na foirne ná glas,dearg agus gorm.
Tháinig an Fhoireann Ghlas sa tríú háit.Tháinig an Fhoireann Dhearg sa dara háit.Tháinig an Fhoireann Ghorm sa chéad áit. Maith sibh!!!!! Fuair gach foireann boinn.
Míle buíochas le gach éinne idir páistí, múinteoirí, tuismitheoirí (agus seanthuismitheoirí!) a chabhraigh ar an lá.
Gaelscoil Inis Córthaidh abú!!!!!!!!!!!


