Feed on
Posts
comments

The Flying Cow

Amhrán do Mhuinteoir Judy!!

Bhí an lá ag na bunranganna i gcrannlann Uí Chinnéide

 

LEAN AN CóD!!!

Fuaireamar ár gcéad Brat Glas i mbliana!!! Rinne páistí na scoile sárobair chun an brat a fháil agus tháinig laghdú an-mhór ar an méid bruscar a bhíonn againne. Athchúrsáil atá ar siúl againn anois!!! Rinneamar an t-uafás rudaí éagsúla le linn an bhliain go leith a d’iobríomar chun an brat a fháil agus bhí lá gníomhach iontach againn nuair a tháinig Bláthnáid Ní Chofaigh chuig an scoil chunn an brat a ardú!!         Tá cód glas againn anois a chabhraíonn linn leanúint leis an obair thábhachtach seo!!    Ná dearmad:   SCOIL GHLAS= SCOIL GHLAN!  

An Cód Glas

1 Tabhair leat an bruscar a bhí agat.

2 Bain úsáid as bosca lóin amháin.

3 Bíodh meas agat ar thimpeallacht na scoile.

4 Múch na soilse.

5 Bain úsáid as ábhar athchúrsáilte don ealaín.

Inné bhí lá spóirt  againn. Bhí sé ar siúl san ionad rugbaí. Rinneamar rás na málaí, tarraingt téide, rás sealaíochta agus cúpla rás eile. Bhí deochanna ar fáil dos na páistí óga, agus tae dos na tuismitheoirí. Dathanna na foirne ná glas,dearg agus gorm.

5 phointe don fhoireann ghlas!

Tháinig an Fhoireann Ghlas sa tríú háit.Tháinig an Fhoireann Dhearg sa dara háit.Tháinig an Fhoireann Ghorm sa chéad áit.  Maith sibh!!!!! Fuair gach foireann boinn.

Míle buíochas le gach éinne idir páistí, múinteoirí, tuismitheoirí (agus seanthuismitheoirí!) a chabhraigh ar an lá.

Gaelscoil Inis Córthaidh abú!!!!!!!!!!!

Cé atá sa Zorby??!!!!!

Chuamar ar thuras go dtí an ionad ‘Lets Go!’ an Aoine 10 Meitheamh. Bhí an-spraoi againn. Na Zorby balls an rud is fearr. Bhí bungee jump ann chomh maith. Bhí na K.M.Xanna agus na flickers an- mhaith.  Bhí an-spóirt againn amuigh sa chlós freisin.  (Rinneamar flingsock agus rudaí eile.)

Seo é Billy!

Tháinig cuairteoir chuig an scoil inniu le labhairt linn faoi bhruscar agus athchursáil. Bhí cara beag leis d’arb ainm Billy. Chonaic Rang 2, 3, agus 4 an seó. Bhí sé ar fheabhas!        Bhí an bheirt acu thar a bheith sásta an Brat Glas a fheiceáil ar chrocadh i gclós na scoile!!

Clann Lir

Bhí comórtas ealaíne againne le déanaí.

Roghnaíomar an téama ‘Clann Lir.’ Seo cúpla sampla d’ealaín an ranga!!

Trasna na dtonnta………feictear an solas!!

Bhí leictreoirí agus tógálaithe Rang 3 an-ghnóthach le déanaí!!!   Seo teach solas amháin a rinne siad. Nach bhfuil na dathanna go deas air!!

Fuair Naoínán Mhóra peata.
Is muc ghuine í. Is cailín í.
LúLú an t-ainm atá uirthi.
Tá sí cúig mhí d’aois.
Dath dubh atá uirthi.
Is aoibhinn léi a
bheith ag rith timpeall an ghairdín.
Fuair siad í i siopa na bpeataí.
Itheann sí leitís roicéad agus cairéid.
Téann Lúlú ar a leathanta saoire gach deireadh
seachtaine le dalta difriúl.
Bain taithneamh as a Lúlú!!!!!

 

Older Posts »